Sarah Lewtas
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Tá Sarah ag obair agus ag cur fúithi i nDún Lúiche, Co. Dhún na nGall, áit a bhfuil cónaí uirthi le 40 bliain anuas. Is as Sussex di ó dhúchas agus rinne sí staidéar ar na mínealaíona i gColáiste Ealaíne agus Deartha Eastbourne. Bhain sí BA sa phéintéireacht amach ó scoil ealaíne St. Martins, Londain. Díríonn sí ar an dealbhóireacht, an líníocht agus le déanaí ar an bpéinteáil luibheolaíoch. Beidh sí ag glacadh páirte i dtaispeántas do chomóradh céad bliain Cholm Cille i Leitir Ceanainn an samhradh seo.