Barr
Atmaisféar Cúlra

Réamhrá


Cé muid féin mar phobal Gaeltachta? Braitheann sé sin ar cé uirthi nó cé air a chuirfidh tú an cheist.

Déarfaidh muide, muintir na Gaeltachta, leat gur pobal fuinniúil, domhanda, cruthaitheach muid, le fréamhacha sa dúchas agus fréamhacha thar toinn.

Ildánach, iltíreach, ilteangach.

Déarfaidh daoine eile a mhalairt leat, a dtuairimíocht ag eascairt as blas diúltach ar a dtaithí teanga. Na haineolaithe thiar, a dhéarfaidh siad, blas an bhochtaineacht ar a gcuid Gaeilge agus blas an phortaigh ar a gcuid Béarla.

Cé againn atá ceart? Níos minice ná a mhalairt, is cuma. Sí an cheist ná cé is túisce a chreidfear.

Is minic mar phobal, cuma cé chomh glórach, cuma cé chomh ceanndána, nach bhfeictear fút ach an rud a oireann go bhfeicfí. Nach bhfeictear na fíricí in ainneoin gur fíricí iad. Fíricí ar nós gur sa Ghaeltacht a mhair na cultúir amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós. Gur sa Ghaeltacht a mhair na báid seoil agus na curacha. Na lúibíní agus agallaimh beirte. Gur mhair siad mar go raibh siad cothaithe ag tobar na Gaeilge Gaeltachta.

Gur mhúscail an tobar céanna ceanndánacht an phobail Gaeltachta éileamh a dhéanamh ar údarás dá cuid féin, stáisiún raidió dá cuid féin, stáisiún teilifíse dá cuid féin.

Ach céard a tharlaíonn má dhéanann an saol mór neamh-aird de sin ar fad? Go dtógann siad an rogha éasca agus an rud a oireann don mhóraimh a chreidiúint nó a fheiceáil?

Sin an tábhacht a bhaineann leis an taispeántas ealaíne seo. Níl aon rud chomh suibiachtúil le healaíon, ná, ag an am céanna, chomh lom, fírinneach léithe. Is scáthán ar phobal na Gaeltachta féin í ealaín comhaimseartha na Gaeltachta. Dána, ceannródaíoch agus oscailte don saol mór.

Is cuma céard a cheapann an móraimh. Tá muid mar phobal le feiceáil san ealaín seo.

Mar phobal Gaeltachta, tá muid go mór faoi chomaoin ag ár gcuid ealaíontóirí. Samhlaigh saol gan a gcuid físe, gan a gcuid aislingí. Cuireann siad in iul don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid. Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin.

Is léargas é an taispeántas seo, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór bliain d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta. Is iomaí splanc atá fanta fós inti.

Rónán Mac Con Iomaire
Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga
Bealtaine 2021

Dath an Dóchais

Ag Bogadh ar aghaidh ó Shúil Bhaloir


I ndiaidh di saoire a chaitheamh i nDún na nGall i lár na 1990í, rinne Caroline McCarthy (as Dún Dealgan ach lonnaithe anois i Londain), díreach i ndiaidh á céim a fháil as coláiste ealaíona agus ag meabhrú cá háit a raibh á todhchaí, rinne sí Greetings, saothar físe in dhá pháirt ina dtabhrann sí léim arís agus arís eile ó thírdhreach i gceantar sléibhtiúil ach go dtiteann sí amach as chomh gasta sin go gciallódh sin go gcaillfeá í i bhfaiteadh na súl. I dtaca leis na ceisteanna a chuireann an saothar seo fá dtaobh de cén dóigh a bhféadfadh sí socrú isteach i dtraidisiún na healíona Éireannach, ó tharla go raibh lámh in uachtar chomh mór sin ag radharcanna pobail agus tírdhreachanna de chuid Jack Yeats, Paul Henry agus Charles Lamb. Bhí an traidisiún sin chomh forleathan ná nuair a shocraigh Seán Scully, sa bhliain 2005, á Éireannachas a athbhunú i ndiaidh do blianta a chaitheamh ina chónaí i Londain agus i Nua Eabhrach, ba chuig claíocha Oileáin Árainn a tháinig sé seachas go Baile Átha Cliath agus Inse Chór, an áit a dtáinig sé ar an t-saol. 

Ina leabhar úr Art and the Nation State; The Reception of Modern Art in Ireland (2021), deir Róisín Kennedy go bhfosclann Éire nua-aimseartha léargas úrnua ar ábhair macasamhail imirce agus aistriúchán chomh maith le ceisteanna úra fá coilíniú. Áitíonn sí fosta, go raibh ealaín na hÉireann don chuid is mó den fichiú haois faoi bhrú trom le féinaitheantas náisiúnta a chur in iúl ar dhóigh éigin, de ghnáth aitheanta le hiarthar na hÉireann. Thaispeáin  Dath an Dóchais, taispeántas saothair ó ealaíontóirí atá ina gcónaí i gceantracha  Gaeltachta feadh cóstaí an tuaiscirt, an deiscirt agus an iarthair, tacaithe ag Údarás agus  Ealaín na Gaeltachta, thaispeáin sé sin nach raibh brú le feiceáil níos mó agus go mothaíonn na healaíontóirí sin nach a bhfuil a leithéid de dhualgas orthu nó go gcuireann siad daofa é ar dhóigh atá i bhfad níos uileghabhálaí agus caolchúisí. Chomh maith le sin, maíonn sé gurb é an iarthar an áit is fearr chun na ceisteanna sin a dtagraíonn Róisín Kennedy dóibh a réiteach.

Ina ionad sin, an rud atá maith faoi Dath an Dóchais ná a mhéad is a fheiceann ealaíontóirí comhaimseartha, dúchasacha nó imircí as gach cearn den domhan go hiarthar na hÉireann, mar a gceanncheathrú ach nach bhfuil siad sáinnithe aige nó sonraithe ag an traidisiún a rabhtas ag brath go mór air. Níl áit ar bith a bhfuil ‘iarthar na hÉireann’ úrnua níos feicealaí ná i saothar Maria Simonds-Gooding, a chur fuithi i nDún Chaoin sna 1960idí, agus cé gur thaistil sí an domhan ó Mheicsiceo go Bhutan agus Mailí, bhí aithne aici cheana féin ar na rudaí a fuair sí sna háiteacha iargúlta sin agus a dtáinig sí ar ais chucu go leanúnach go hIarthar Chiarraí. Is é an rud a rinne sí le dáirireacht an tírdhreach sin a dhéanann é chomh speisialta. An líne mealltach sin ach suntasach, atá scrabha amach as plástar, nó, mar atá anseo, gearrtha isteach in alúmanam nó cruach le druilire leictreach nó le pillín sciúrtha na cistine, is á sin an marcáil bunúsach agus is luaithe sa tírdhreach, na rianta dúchasacha d’fheirmeoireacht ársa a nascann pobail imeallaithe i ngach uile áit. Níl rud ar bith le déanamh ag a cuid saothar le ráiteas náisiúnach, cé go bhfuil sé neadaithe i nDún Chaoin. In ionad Éire a idirdhealú ó áiteacha eile, toghann sí na sainchomharthaí is ‘Éireannaigh’ agus nascann sí iad le áiteacha agus le pobail a bhfuil eispéireas tuaithe comhchoiteann, comhroinnte acu. Cé go bhfanann sí léirithe, tá cuma teibí agus nua-aimseartha soiléir ar a cuid saothar.  Thaistil daoine eile, Caoimhghín Ó Fraithile agus Andrew Duggan thar an oileán seo chomh maith; bhí Ó Fraithile meallta ag cleachtais de chuid na mBúdaíoch sa tSeapáin agus Duggan go Nua-Eabhrach, ach tarraingíodh an bheirt acu ar ais go Dún Chaoin, an bheirt acu ag bualadh isteach sna gnásanna sóisialta, ceiliúradh tine sa tSeapáin (Ó Fraithile) nó taispeántas físe i nDaingean (Duggan), ag comhcheangal an chuid is nua-aimseartha de na meáin agus na gnásanna traidisiúnta le cur síos a dhéanamh ar mhalartú nó caillteanas cultúrtha agus diaspóra. Cosúil le Bob Quinn, amharcann siad thar an rud áitiúil go dtí na nascanna ársa trasna ilchríocha agus cultúir. Tá aitheantóirí gheografacha curtha ar chúl scéithe d’aon ghnó i gcuid greillí grianghrafadóireachta Clare Cashman, a thugann ar an amharcóir fréamhacha a chuartú i ngreillí míshochair uisce agus aeir. Cruthaíonn Alannah Robins timpeallacht a d’fhéadfadh a bheith ina fhoraois nó ina dhufair uirbeach, b’fhéidir lonnaithe áit éigin idir an tSualainn, áit a n-oibríonn sí fosta agus a baile i gConamara, saoithiúil de bharr cumhacht an dorchadais agus ceol Arvo Pärt; agus níl ach rud amháin a dheimhníonn áit ina suiteán fíneálta teibí, Bóin Dé le Aoife Casby, sé sin an úsáid anois is arís den teanga Ghaeilge agus tagairtí i gcogar de bhóithre i gContae Mhaigh a taistealaíodh orthu. Tugann Leaba le Canopy le Lelia Ní Chathmhaoil aird ar bhochtanas domhanda, siocair b’fhéidir meath na dtionscail traidisiúnta. 

Tháinig cuid de na healaíontórí, go speisialta Brian Bourke, Niall Naessens, Ian Joyce, Clare Langan agus Úna Quigley, ó áiteacha eile in Éirinn agus shocraigh siad sa Ghaeltacht. Go dána ach le híogaireacht mhór, tiompaíonn Clare Langan ceann de na sainchomharthaí is stairiúla sa tír, Sceilg Mhichíl, isteach ina dhomhan ar snámh, ag imeacht le sruth i bhfarraige d’athrú aeráide. Neamheaglach ar an stair ársa de lonnaíocht chráifeach agus, níos déanaí, ar an cineama apacaílipteach coitianta ina scannán, The Floating World, bhí sé ina siombail de mhistéir agus de mhaireachtáil nár cheart dúinn dearmad a dhéanamh de ar ór na cruinne. In Broken Spectre, baineann Úna Quigley úsáid as tírdhreach Chonamara ar bhealach iontach difriúil chun smaoineamh ar ár n-iompar féin díreach mar an gcéanna le hionannas cruthanna eile.

Tagann cuid de na healaíontóirí ó áiteacha níos faide ar shiúl:  Úsáideann Sandra Landers, atá ina chónaí cóngarach den Daingean, a cleachtas de dhéanamh galánta leabhar, a bhfuil barr feabhais agus forbairt curtha air i gceantar tuaithe Oregon, SAM, chun téacsanna i nGaeilge a shaibhriú, a bhfeabhsú le píosaí de thírdhreach Chiarraí a chothaíonn iad anois; bheireann an t-ealaíontóir Sarah Lewtas, as Sasain, isteach leideanna de Nua-Eabhrach de chuid Robert Motherwell go suiteálacha teicstíle i nDún na nGall; agus táirgeann Heidi Nguyen as an Fhrainc via Vietnam nach maireann a usaídeann modhanna iontach difriúil sa phéinteáil.

Ach ar ndóigh is é an grúpa is mó ná na healaíontóirí dúchasacha as an Ghaeltacht, macasamhail Ceara Conway, Nuala Ní Fhlathiún, Donnacha Quilty, Pádraic Reaney, Bernadette Cotter, Cathal McGinley agus oileánaigh Thoraí, - Patsy Dan and Ruairi Rogers gan ach cuid acu a lua.  Gan neamart a dhéanamh den mhórtas áite atá i saothar Patsy Dan Rogers agus Scoil Oileán Thoraí, tá glúin úrnua d’ealaíontóirí ag ceiliúradh na finscéalta, an cineál saoil agus éachtaí a n-áit chónaí féin ach ag baint úsáide as cleachtais an-eolach agus comhaimseartha chun é sin a dhéanamh. Comhcheanglaíonn Ceara Conway achan rud is fearr i gceol agus i dtraidisiúin na ndaoine i gConamara. A bhuí dá léiriú agus saothar físe, glacann sí chuici féin ról na mná leighis sa phobal, ag úsáid iomlán a tuigse dúchais ar chumhacht an nádúir agus amhránaíochta chun pian, imní agus uaigneas a mhaolú. Léiríonn Seán Cathal Ó Coileáin cuid den phian sin ina scrúdú déthaobhach ar aonaid máithreacha agus páistí le pictiúirí ar aicéatáit. Deir Cathal McGinley go raibh sé mall go leor ina shaol nuair a smaoinigh sé ar ealaín ach níl faitíos ar bith ina chur chuige dá shaothar. Maíonn sé go bródúil gur ealaíontóirí a bhí ina athair agus a sheanathair fosta (cé gur oibrigh siad mar iascairí agus nach ndearna siad ariamh an rud a dtugann muid ‘ealaín’ air). Cruthaíonn McGinley pictiúirí, cnuasaigh agus suiteáin d’Inis Bó Finne oiread is atá siad fá dtaobh den oileán. Baineann Bernadette Cotter úsáid as iomlán na hábhair in aice láimhe – sa chás seo organsa agus a gruaig féin – ar mhaithe le samhlú a dhéanamh ar íomhaí aitheanta de mhná a d’fhéadfaí glacadh leo go hathbhríoch mar naoimh nó mar chailleacha. Nascann Nuala Ní Flathúin le rithim agus patrúin cainte maraon le hábhar an traidisiún scéalaíocht áitiúil ina suiteán nua-aoiseach, Idir an Dhá Linn, agus déanann suiteán ar leith urláir Geansai Iascaire, le Seán Ó Flaithearta,  patrúin sinseartha go cúramach le coróin Mhuire agus faochóga le cur i gcuimhne dúinn nár imigh bochtanas leis an Ghorta Mór, a mhúsclaíonn ionainn diantréanas cráifeach an mhandala Búdaíoch. Maidir le nádúr débhríoch antrapamorfach de Untitled, 2008, le Kevin Magee, is dúshlán é ar shainmhíniú péinteála, dealbhóireacht, fiú ceardaíocht, agus ag an am chéanna éiríonn leis domhan an nádúr agus an chultúr a chur i gcuimhne dúinn.

Nochtar domhan an nádúir chomh maith i saothar céardaíochta den chéad scoth i lámha fíneálta Helen Ní Chuill. Ag úsáid cnámha, cleití agus poircealláin téann sí in iomaíocht le leochaileacht agus glaineacht an domhan nádúrtha sna rudaí a chruthaíonn sí; agus is é múnla gloine agus a chumas an solas nádúrtha agus an frithchaitheamh a mhealladh agus a feabhsú atá mar bhonn ag Cosáinín na Farraige le Róisín Ní Chionnfhaolaidh.

Tá sé iontach soiléir ón mhéid atá ráite nach bhfuil aon dóigh amháin le bheith i d’ealaíontóir Éireannach, go háirithe ealaíontóir as Iarthar na hÉireann. Tá an réimse cleachtais agus tuairimí d’ealáin, curtha ar an eolas ag an cur chuige domhanda suas chun dáta, breá soiléir i dtráth is in antráth, agus níl ‘péinteálaimis an Iarthar ar mhaithe le muid féin a dhíol le turasóirí’ nó ag déanamh mórtais de mhothú Éireannachais, nach bhfuil le fáil ach laistigh den Ghaeltacht, le fáil áit ar bith. Mar sin de, cad atá san iarthar a mheallann na healaíontóirí seo? Nach bhféadfadh Brian Bourke a chuid comharthaí báis agus aiséirí a phéinteáil i mbaile mór, agus Niall Naessens agus Ian Joyce leanúint lena slite beatha níos fusa i ngar do scleondar na músaeim agus gailearaithe na cathrach, áit nach mbeadh orthu impí ar léirmeastóirí agus coimeádaithe as Baile Átha Cliath a theacht lena gcuid saothair a fheiceáil?  Tá siad anseo don réasún is fearr, siocair go bhfuil siad ag iarraidh bheith anseo, siocair go gcothaíonn an iarthar iad i ngach bealach caolchúiseach atá léirithe ag a n-ealaín,  agus tá Údarás agus Éalaíon na Gaeltachta ag cuidiú leis sin tarlú ar feadh dhaichead bliain. 

Labhair Declan McGonagle, mar stiúrthóir bunaithe IMMA in 1991, ag an am dhearfach sin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach go díreach ag toiseacht ag géarú a chuid fiacla, labhair sé fá dtaobh den easaontas idir an lár agus an imeall ina bhfuil cumhacht, nuáil agus cruthaíocht i gcónaí ag imeacht sa treo amháin, ón lár amach. Chonaic McGonagle acmhainneacht na hÉireann mar mhol idirnáisiúnta ar imeall na hEorpa, ach le cultúr atá ag fás agus atá in oiriúint do theicneolaíochtaí úrnua agus ag fáiltiú roimh pobail nua. Chreid sé go bhféadfadh suíomh imeallach na hÉireann a bheith ina fhoinse le hathnuachaint agus fuinneamh a chur ar an ionad spíonta. Ar an drochuair, laghdaigh forbróirí santacha agus baincéirí infheistíochta an fhís sin ach tá nádúr níos fearr ag ealaíontóirí. B’fhéidir go dtiocfadh leis an Ghaeltacht, mar a mhaíonn na healaíontóirí, múnla níos fearr agus níos inmharathana d’athnuachan a ofráil, ní ceann atá ag séanadh a stair ach ag glacadh leis agus lena phobail úra, teicneolaíochtaí úra, cleachtais ealaín úra, agus thar aon rud eile lamháltais úra. Dóibh sin, díreach cosúil le Peadar O’Donnell sna 1930idí, is ionann a bheith i do chónaí ar na hoileáin (nó ar an imeall) agus a bheith ag amharc chun tosaigh, oscailte don domhan. Ina úrscéal, The Big Windows, tá cumha ar Bhríd, pósta ar shiúl óna baile ar oileán, agus í ag crothnú an dearcadh oscailte a raibh sí eolach air ansin. Agus í ag diúltú do phiseoga cúngaigeanta na ndaoine ina bhfuil sí anois ina cónaí ina measc, deir sí: “Níl oileán mar an gcéanna le gleann. Tá níos mó spéir os cionn oileán. Tá an fharraige féin mar scathán den spéir…. Tá eolas ag an oileán ar shúil Bhalóir ach níl ann ach scéal agus ní thugann siad aird air” 1. Fosta, fágann an ealaín i nDath an Dóchais piseogacht an am atá thart ar leataobh agus maíonn sé a chomhaimsearthacht trí bhéim a chur ar chosúlachtaí agus cruthaitheacht agus ag an am chéanna ag glacadh go fonnmhar le difríocht – múnla ar dóigh do thodhchaí domhanda.


1 Peadar O’Donnell, The Big Windows, 1983, pp 30–32

Catherine Marshall
Aibreán 2021

 

Lusanna Gréine na Bliana Anuraidh, Pór na Bliana Seo


Ealaíontóir: Brian Bourke

Ábhair: Ola ar canbhás

Méid: 76 x 100cm

Bliain: 2020

 
 
 

Bóin Dé  


Ealaíontóir: Aoife Casby

Ábhair: Físeán

Méid: 4 Bomaite

Bliain: 2020

 
 
 

Samhlaíocht agus Dochinntiteacht


Ealaíontóir: Clare Cashman

Ábhair: Priontaí ábhair dátha cartlainne

Méid: 191.14 x 131.45cm

Bliain: 2014

 
 
 

Leaba le Canopy


Ealaíontóir: Lelia Ní Chathmhaoil

Ábhair: Fuarthas tocht dóite

Bliain: 2018

 
 
 

Suaimhneas


Ealaíontóir: Áine Ní Chíobháin

Ábhair: Colláis agus aicrileach ar pháipéar faighte

Méid: 29.5 x 21 cm

Bliain: 2020

 
 
 
 

Cosáinín na Farraige


Ealaíontóir: Róisín Ní Chionnfhaolaidh

Ábhair: Dealbhóireacht gloine daite

Méid: 23 X 10cm | 27 X10cm | 23 X 10cm

Bliain: 2020

 
 
 
 

I dTaisce


Ealaíontóir: Helen Ní Chuill 

Ábhair: Adhmad gloine

Méid: 20 x 20 x 30 cm

Bliain: 2012

 
 
 
 

Andúileach: Vacsaín


Ealaíontóir: Seán Cathal Ó Coileáin

Ábhair: Ola ar aicéatáit, dhá thaobh

Méid: 75 x 107cm

Bliain: 2020

 
 
 
 

Viriditas


Ealaíontóir: Ceara Conway

Ábhair: Grianghraf digiteach

Bliain: 2019

 
 
 

Deargfhlaith


Ealaíontóir: Bernadette Cotter

Ábhair: Organsa, gruaig an ealaíontóra, í féin

Bliain: 2009

 
 
 
 

Inis Mhic Ileáin


Ealaíontóir: Tomás Ó Cíobháin

Ábhair: Eitceáil

Méid: 26 x 19 cm

Bliain: 2018

 
 
 
 

FLUX 2020 – (athchumrú) 


Ealaíontóir: Andrew Duggan

Méid: Scannán 6 bhomaite

Bliain: 2020

 

 
 

Idir Dhá Linn


Ealaíontóir: Nuala Ní Fhlathúin

Ábhair: Grianghraif, taos súgartha, adhmad, péint bitumen, páipéir, fuaim

Bliain: 2018

 
 
 

Féin Portráid


Ealaíontóir: Dan Chóil Ó Flaithearta
(Suaimhneas síoraí dá anam)

Ábhair: Ola ar canbhás 

Méid: 43 X 62 cm

Bliain: 2017

 
 
 
 

Geansaí Iascaire - Bia na mBocht


Ealaíontóir: Seán Ó Flaithearta

Ábhair: Faochain agus paidrín

Bliain: 2011

 
 
 

Tírdhreach Seafóideach 1


Ealaíontóir: Ciara O Flynn

Ábhair: Graifít, dúch, páipéar

Méid: 30 x 20cm

Bliain: 2012

 
 
 
 

Cúig Chéim Deág ó Dheas, Cathaír Niigata


Ealaíontóir: Caoimhghín Ó Fraithile

Ábhair: Cré agus uisce achan triú bliain

Bliain: An tSeapáin 2009

 
 
 

Snámhóirí Geimhridh, Cuan na gCaorach


 

Ealaíontóir:  Karol Mac Gairbheith 

Ábhair:  Ola ar shraithadhmad

Méid: Ceithre cinn, 30 x 30cm

Bliain:  2020

 

Cé Bhun an Inbhir


Ealaíontóir: Ian Gordon

Ábhair: Ola ar canbhás

Méid: 50 x 60 cm

Bliain: 2019

 
 
 

Taibhsí


Ealaíontóir: Ian Joyce

Ábhair: Uiscedhath, gouache, ola ar pháipéar athchúrsáilte

Méid: 29 x 21cm

Bliain: 2017 - 2020

 
 
 

Comhfhreagras na nÉan
(Ó Eipeafáine go Cónocht)


Ealaíontóir: Sandra Landers

Ábhair: Leabhar mínealaín lámhdhéanta

Méid: 2004

 
 
 

An Domhan ar Snámh


Ealaíontóir: Clare Langan 

Méid: 5 bhomaite HDV

Bliain: 2013

 
 
 
 

Tairseach 


Ealaíontóir: Sarah Lewtas

Ábhair: Cnámha capaill, veilbhit cuilteáilte, adhmad

Méid: 70 x 40 x 40cm

Bliain: 2019

 
 
 
 

Mias


Ealaíontóir: Kevin Magee

Ábhair: Geansaí árann, gliú, ola 

Méid: 60 x 70cm

Bliain: 2008

 
 
 

Bothóg


Ealaíontóir: Cathal McGinley

Ábhair: Dealbhóireacht, páipéar fillte

Méid: 2.5 mts x 3.5 mts

Bliain: 2019

 
 
 
 

Mo Shiúl Oíche


Ealaíontóir: Deirdre Mc Kenna

Ábhair: Eitseáil, uiscimriú, cabhartha

Méid: 30 x 27.5 cm

Bliain: 2017

 
 
 
 

Cathaoir i Seomra Buí


Ealaíontóir: Tadhg McSweeney
(Suaimhneas síoraí dá anam)

Ábhair: Ola ar canbhás

Méid: 84 x 118 cm

Bliain: 1980

 
 
 
 

Snámhóirí an Gheimhridh


Ealaíontóir: Niall Naessens   

Ábhair: Eitseáil uiscedhath ar pháipéar zerkall 

Méid: 33 x 33 cm

Bliain: 2019

 
 
 
 

Glas


Ealaíontóir: Heidi Nguyen

Ábhair: Aicrileach

Méid: 90 x 90 x 5cm

Bliain: 2019

 
 
 
 

Taibhse Bhriste


Ealaíontóir: Úna Quigley 

Ábhair: Sár-Scannán8 

Méid: 4 Bomaite

Bliain: 2015

 
 
 
 

Parthas Caillte


Ealaíontóir: Katrina Quille

Ábhair: Ola ar canbhás

Méid: 107 x 84cm

Bliain: 2007

 
 
 
 

Thar na Teorainn


Ealaíontóir: Donnacha Quilty

Ábhair: Aicrileach ar chlár

Méid: 45 x 80 cm

Bliain: 2020

 
 
 
 

Peitriglif Utah


Ealaíontóir: Bob Quinn

Ábhair: Péint ar chloch, Conamara

Bliain: 2016

 
 
 

Banríon na Farraige II


Ealaíontóir: Pádraic Reaney

Ábhair: Cré-umha 

Méid: 82 x 8 x 2cm

Bliain: 2016

 
 
 
 

En Timme Natt


Ealaíontóir: Alannah Robins

Méid: Scannán 5.35 bomaite

Bliain: 2018

 
 
 

Páirceanna Oileán Thoraí


Ealaíontóir: Patsy Dan Rogers
(Suaimhneas síoraí dá anam)

Ábhair: Ola ar bhord

Méid: 40 x 30 cm

Bliain: 2015

 
 
 

Cloigtheach Thoraí


Ealaíontóir: Ruairí Rogers

Ábhair: Ola ar bhord

Méid: 46 x 30cm

Bliain: 2014

 
 
 
 

Scriosadh


Ealaíontóir: Úna Ní Shé

Ábhair: Gualach, peann luaidhe, cailc pastal

Méid: 80 x 56 cm

Bliain: 2021

 
 
 

I nGleann na Himiléithe II


Ealaíontóir: Maria Simonds-Gooding

Ábhair: Alúmanam

Méid: 123 x 175cm

Bliain: 2009

 
 
 
 

Bhí mé mar
Bhláth ar Shliabh


Ealaíontóir: Breandán Ó Súilleabháin 

Ábhair: Monaiprionta, dúch ar pháipéar

Méid: 46 x 41cm

Bliain: 2014

 
 
 

Buíochas Speisialta


Taispeánfar Dath an Dóchais ins An Gailearaí, Dún na nGall, i mí na Samhna 2021.

Tá an togra seo maoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.

Ba mhaith le foireann An Gailearaí buíochas a thabhairt do na healaíontóirí uilig a bhí rannpháirteach sa togra seo. Lena chois sin, ba mhaith linn buíochas a chur in iúl do Catherine Marshall, Rónán Mac Con Iomaire, Micheál, Danielle, Rachel, Muireann, Brendan, Caitlín, Anna, Cathal, Jeremy, Ali, Lorg Media, Aoife, Marjorie, Cathal.