Alannah Robins
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Tá Alannah ina cónaí in iarthuaisceart Chonamara. Is ealaíontóir idirdhisciplíneach í agus tá sí lonnaithe idir Éire agus an tSualainn. D’fhreastail sí ar Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath agus is iomaí gradam atá buaite aici, cur i gcás coimisiún poiblí don Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, agus sparánachtaí ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann agus Comhairle Chontae na Gaillimh. Tá téama an díláithrithe agus na himirce mar aon leis an ngaol leis an nádúr fite fuaite ina cuid oibre. Is í bunaitheoir agus stiúrthóir ‘Interface’, stiúideo agus clár cónaithe ar cósta Iarthar na hÉireann.