Pádraic Reaney
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Rugadh Pádraic ar an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe in 1952. Rinne sé staidéar ar na mínealaíona sa cheardcholáiste réigiúnach Gaillimh, agus tá sé ina ealaíontóir ó shin. Bhunaigh sé stiúidéo i Maigh Cuilinn agus tá sé ag obair agus ina chónaí ann. Tá taispeántas dá cuid le sonrú in Éirinn, san Eoraip, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Brasaíl, an tSeapáin, anAfraic Theas agus an Astráil. Tá a chuid oibre sa Modern Irish Art Collection; iarsmalann scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, ambasáid na hÉireann, Londain; agus Urawa Wood-Cut Prints Association, an tSeapáin.