Beathaisnéis Ealaíontóra

Tadhg McSweeney (Suaimhneas síoraí dá anam)
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Tadhg McSweeney (Suaimhneas síoraí dá anam)

Ba ealaíontóir féinoilte é Tadhg. D’fhreastail sé ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath ó 1959-1960. Rinne sé staidéar ar teicnící déanaimh priontaí, mar shampla éitseáil, agus priontáil scáileáin síoda i Londain. Bhí taispeántais dá chuid le sonrú san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Group 65, agus ag taispeántais bhliantúla d’ealaíontóirí neamhspléacha. Bhí 14 taispeántas aonair aige i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Áirne, San Francisco, Hamburg agus Londain. Cailleadh é a an 29ú Lúnasa 2018, agus é 82 bliain d’aois.

Read More
Niall Naessens
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Niall Naessens

Is línitheoir é Niall a dhéanann speisialtóireacht san eitseáil. Dírionn a chuid oibre ar smaointe a bhaineann le healaín thírdhreacha. Cruthaíonn sé pictiúir choitianta cé nach fíor-phictiúir iad, is réalachas draíochtúil é. Tá sé ag iarraidh saol an ealaíontóra agus a chuid smaointe a léiriú trí mheán an tírdhreacha. Is é an mhian is mó atá aige ná go mbreathnódh agus go smaoineodh an lucht féachana sa chaoi chéanna is a bhíonn seisean.

Read More
Heidi Nguyen
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Heidi Nguyen

Heidi Nguyen is a French contemporary painter based in County Donegal, Ireland. She trained at Ateliers Penninghen, Paris and then worked as a graphic designer and illustrator for ten years. She has worked as a painter and a printmaker since 2000. Her  inspiration comes from a sensory process, the feel of water, the pulse of the wind or more recently the sounds of the birds surrounding her studio. In June she will be releasing a new body of work; a visual diary named “Imaginary windows”, snapshots from a train window and response to the first confinement in Ireland, and “Birds song” a visual soundscape exploring emotion.

Studio in County Donegal, Ireland
Tel: 00353872799635
www.heidinguyen.com
https://www.instagram.com/heidinguyen6978/

Read More
Úna Quigley
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Úna Quigley

Is as Baile Átha Cliath í Úna Quigley ó dhúchas. Tá BA bainte amach aici ó Choláiste Ealaíne is Deartha Crawford, Corcaigh agus MA sna mínealaíona Eorpacha ó Scoil na hEalaíne Winchester, An Spáinn agus An Ríocht Aontaithe. Oibríonn Quigley sa réimse scannán ealaíne, agus tugann sí an scríbhneoireacht, an líníocht, agus an léiriú isteach ina saothar. Díríonn a saothair ar théamaí an fheimineachais agus cáineadh timpeallachta. Bhí taispeántas dá cuid le sonrú ag an Kassel Film Festival, an Rencontres Internationales Paris/ Berlin, Centrum Berlin, Gailearaí Ealaíne Glucksman, Éire, agus Gailearaí Ealaíne Crawford Éire. Is iomaí gradam atá buaite aici ó Údaráis Áitiúla, Ealaín na Gaeltachta, Cultúr Éireann agus Comhairle Ealaíon na hÉireann. Tá sí ag cur fúithi i gConamara lena fear céile agus a mbeirt pháistí.

Read More
Katrina Quille
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Katrina Quille

Rugadh Katrina i Birmingham i 1955 agus d’fhreastail sí ar Coláiste Ealaíne i Liverpool. Bhog sí go Dún na nGall tar éis di cúpla bliain a chaitheamh i Londain, agus tá sí lonnaithe ann ó shin. Is breá léi síocháin agus suaimhneas na háite. Bíonn sí ag péinteáil, ag brionglóideach agus ag iarraidh triail a bhaint as scéalta a scríobh.

Read More
Donnacha Quilty
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Donnacha Quilty

Rugadh Donnacha i nGaillimh in 1975. Tá cáilíochtaí aige san Ealaín agus Dearadh, teagasc ealaíne agus deartha, agus le déanaí, san ealaín chomhaimseartha ó Inistitiúidí Triú Léibhéal éagsúla. Tá a chuid oibre fréamhaithe i dtírdhreach an chósta, agus an síorathrú a thagann ar caighdeán agus comhdhéanamh an tsolais ann. Faoi láthair, tá Donnacha ina chónaí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin sna Forbacha, Co. na Gaillimhe.

Read More
Bob Quinn
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Bob Quinn

Is scríbhneoir, scannánóir, grianghrafadóir, foraoiseoir agus dealbhóir adhmaid é Bob le 50 bliain anuas. Rugadh i mBaile Átha Cliath é ach tá sé ag cur faoi i nGaeltacht Chonamara ó 1970. Thosaigh sé amach mar léiritheoir/stiúrthóir in RTÉ agus tá sé mar bhall d’Aosdána, Ealaíontóirí Phairlimint na hÉireann, agus bronnfar dochtúireacht oinigh air ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh, i mí na Samhna na bliana seo. 

Seo a leanas drámaí agus scánnáin faisnéise dá chuid; ‘The Atlantean Quartet’; ‘Poitín’; ‘Budawanny’, ‘Cloch’; ‘Graceville’, ‘Bog Graffiti’. Is iad na leabhair a scríobh sé ná; ‘Smokey Hollow, ‘An Tír Aneol' (grianghrafadóireacht); ‘Maverick - a dissident view of broadcasting’; ‘The Atlantean Irish’ and ‘The Accompanist’ (úrscéal). I láthair na huaire tá sé ag obair ar beathaisnéis maidir le Muammar Ghadaffi.

Read More
Pádraic Reaney
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Pádraic Reaney

Rugadh Pádraic ar an gCeathrú Rua, Co na Gaillimhe in 1952. Rinne sé staidéar ar na mínealaíona sa cheardcholáiste réigiúnach Gaillimh, agus tá sé ina ealaíontóir ó shin. Bhunaigh sé stiúidéo i Maigh Cuilinn agus tá sé ag obair agus ina chónaí ann. Tá taispeántas dá cuid le sonrú in Éirinn, san Eoraip, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Brasaíl, an tSeapáin, anAfraic Theas agus an Astráil. Tá a chuid oibre sa Modern Irish Art Collection; iarsmalann scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, ambasáid na hÉireann, Londain; agus Urawa Wood-Cut Prints Association, an tSeapáin.

Read More
Alannah Robins
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Alannah Robins

Tá Alannah ina cónaí in iarthuaisceart Chonamara. Is ealaíontóir idirdhisciplíneach í agus tá sí lonnaithe idir Éire agus an tSualainn. D’fhreastail sí ar Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath agus is iomaí gradam atá buaite aici, cur i gcás coimisiún poiblí don Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, agus sparánachtaí ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann agus Comhairle Chontae na Gaillimh. Tá téama an díláithrithe agus na himirce mar aon leis an ngaol leis an nádúr fite fuaite ina cuid oibre. Is í bunaitheoir agus stiúrthóir ‘Interface’, stiúideo agus clár cónaithe ar cósta Iarthar na hÉireann.

Read More
Patsy Dan Rodgers (Suaimhneas síoraí dá anam)
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Patsy Dan Rodgers (Suaimhneas síoraí dá anam)

Rugadh Patsaí Dan Mag Ruaidhrí i Rae an Iarthair, Baile Átha Cliath. Ba ealaíontóir agus ceoltóir é, agus bhí sé ina Rí ar Thoraí ó 1990 go dtí gur cailleadh é in 2018. Uchtaíodh é nuair a bhí sé ceithre bliain d’aois, agus bhog a thuismitheoirí chuig oileán Thoraí é. Tá taispeántas dá shaothar á léiriú ar fud an domhain. Bhí tionchar mór ag Derek Hill ar Rodgers nuair a thiocfadh sé chun cuairte go hoileán Thoraí. Bhí Rodgers ana-thógtha leis an gceol agus an Ghaeilge. Sheinn sé an bosca ceoil.

Read More
Ruairí Rodgers
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Ruairí Rodgers

Is as Oileán Thoraí do Ruairí. Tá taifead uathúil agus spéisiúil cruthaithe aige do phobal agus saol an oileáin le breis agus 50 bliain anuas.

Read More
Úna Ní Shé
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Úna Ní Shé

Tógadh Úna i mbruachbhaile taobh amuigh de chathair Chorcaí. Chaith sí laethanta saoire a hóige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, agus tá sí ina cónaí ann ó 1990. Is é an líníocht an príomhcheird a bhíonn ar bun aici. Tarraingíonn an líníocht Úna go dlúth inti féin agus an cónasc atá aici le chuile ní beo.

Read More
Maria Simonds-Gooding
col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-3 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Maria Simonds-Gooding

Is ealaíontóir agus déantóir priontaí so-aitheanta í Maria Simonds-Gooding. Rugadh san India í i 1939. D’fhreastail sí ar an gColáiste Ealaíona Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Le Centre de Peinture, Bruxelles, Bath Academy of Art, Corsham, An Ríocht Aontaithe ó 1962-1968 agus tá sí ag obair agus ag cur fúithi i nDún Chaoin, iarthar Chiarraí ó 1947. Toghadh í mar bhall d’Aosdána i 1981 agus mar bhall den Acadamh Ibeirneach Ríoga in 2012. Tá taispeántas dá saothar le sonrú i go leor bailiúchán idir phoiblí agus phríobháideach; ina measc Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus an Metropolitan Museum, Nua Eabhrac.

Read More