Tadhg McSweeney (Suaimhneas síoraí dá anam)
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Ba ealaíontóir féinoilte é Tadhg. D’fhreastail sé ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath ó 1959-1960. Rinne sé staidéar ar teicnící déanaimh priontaí, mar shampla éitseáil, agus priontáil scáileáin síoda i Londain. Bhí taispeántais dá chuid le sonrú san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Group 65, agus ag taispeántais bhliantúla d’ealaíontóirí neamhspléacha. Bhí 14 taispeántas aonair aige i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Cill Áirne, San Francisco, Hamburg agus Londain. Cailleadh é a an 29ú Lúnasa 2018, agus é 82 bliain d’aois.