Dan Chóil Ó Flatharta (Suaimhneas síoraí dá anam)
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Bhain Dan céim chéadonóracha sna mínealaíona (péinteáil) amach ón Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh. Thosaigh sé amach ag péinteáil, ach diaidh ar ndiaidh thug sé an ghrianghrafadóireacht, déanamh físeáin, an scríbhneoireacht agus an dealbhóireacht isteach ina chuid oibre. Bhí tionchar nach beag ag an tsuim a bhí aige sa scríbhneoireacht, sa teangeolaíocht, agus sa stair ar a shaothar. Bhí forbairt spontáineach ag baint lena ealaíon, an-oscailte i dtaobh an phróisis, an chomhthéacs agus ábhar sóisialta agus cultúrtha. Bhí teachtaireacht fholaithe ag sní trína chuid oibre.