Nuala Ní Fhlathúin
Beathaisnéis Ealaíontóra:
Rugadh Nuala Ní Fhlathúin i Leitir Móir, Conamara, Co. na Gaillimhe. Tá BA sna mínealaíona agus MA sa dealbhóireacht bainte amach aici ó Ollscoil Washington, Seattle in 2011. Aithnítear í mar chleachtóir seanbhunaithe sna healaíona comhaimseartha i nGaeltacht Chonamara agus níos faide amach. Díríonn a cuid oibre go príomha ar ceisteanna i dtaobh ionaid, teanga, agus amharcléirithe. Tá a saothair maoinithe ag Comhairle Ealaíon na hÉireann, Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Nuala ag tabhairt faoi PhD praitic-bhunaithe le hIonad na n-Ealaíon Cruthaitheacha agus na Meán in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.