Beathaisnéis Ealaíontóra

Nuala Ní Fhlathúin
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Nuala Ní Fhlathúin

Rugadh Nuala Ní Fhlathúin i Leitir Móir, Conamara, Co. na Gaillimhe. Tá BA sna mínealaíona agus MA sa dealbhóireacht bainte amach aici ó Ollscoil Washington, Seattle in 2011. Aithnítear í mar chleachtóir seanbhunaithe sna healaíona comhaimseartha i nGaeltacht Chonamara agus níos faide amach. Díríonn a cuid oibre go príomha ar ceisteanna i dtaobh ionaid, teanga, agus amharcléirithe. Tá a saothair maoinithe ag Comhairle Ealaíon na hÉireann, Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Nuala ag tabhairt faoi PhD praitic-bhunaithe le hIonad na n-Ealaíon Cruthaitheacha agus na Meán in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Read More
Dan Chóil Ó Flatharta (Suaimhneas síoraí dá anam)
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Dan Chóil Ó Flatharta (Suaimhneas síoraí dá anam)

Bhain Dan céim chéadonóracha sna mínealaíona (péinteáil) amach ón Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh. Thosaigh sé amach ag péinteáil, ach diaidh ar ndiaidh thug sé an ghrianghrafadóireacht, déanamh físeáin, an scríbhneoireacht agus an dealbhóireacht isteach ina chuid oibre. Bhí tionchar nach beag ag an tsuim a bhí aige sa scríbhneoireacht, sa teangeolaíocht, agus sa stair ar a shaothar. Bhí forbairt spontáineach ag baint lena ealaíon, an-oscailte i dtaobh an phróisis, an chomhthéacs agus ábhar sóisialta agus cultúrtha. Bhí teachtaireacht fholaithe ag sní trína chuid oibre.

Read More
Seán Ó Flaithearta
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Seán Ó Flaithearta

Is Árannach é Seán Ó Flaithearta agus tá stiúideo aige i gCill Éinne. Bhain sé céim san ealaín amach sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath agus chaith sé tréimhsí ag staidéar sa Bheilg agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá a shaothar ar taispeáint in Éirinn agus thar lear. Ba é an Flaitheartach an t-ealaíontóir a rinne ionadaíocht ar Éirinn ag Féile Idircheilteach Lorient na Briotáine in 2009. Bhuaigh sé an comórtas dearcealaíne Ciall (An Gailearaí, Tír Chonaill) in 2011. Bhí sé ina dhearthóir ar an seó comórtha 1916 “Aisling?” (Ealaín na Gaeltachta); ar an dráma “Baoite” (An Taibhdhearc/Amharclann na Mainistreach); agus an seó “ORÓ” (Gaillimh 2020).

Read More
Ciara Ó Flynn
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Ciara Ó Flynn

Is amharc-ealaíontóir í Ciara O’Flynn a bhfuil cónaí uirthi in iarthar Chiarraí. Bhog sí chuig an nGaeltacht tar éis di céim sna mínealaíona a bhaint amach ó Choláiste Ealaíne is Deartha Crawford, Corcaigh. Theastaigh uaithi lonnú sa Ghaeltacht chun díriú ar a cleachtadh mínealaíona agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sí mar chomhbhunaitheoir ar áis ealaíne sa Daingean d’arb ainm Stiúideo Shráid an Ghabhair.

Read More
Caoimhghín Ó Fraithile
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Caoimhghín Ó Fraithile

Tugann Caoimhghín faoin líníocht agus an dealbhóireacht ar fud na cruinne - san Áis, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. Bíonn sé ag cur faoi i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar thoradh ar a shár-obair.

Read More
Karol Mac Gairbheith
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Karol Mac Gairbheith

Rugadh Karol i dTír Chonaill, Co. Dhún na nGall. Chaith sí tréimhse i Londain ag obair i réimse na hailtireachta. Tháinig sí go Leitir Ceanainn in 2015 mar chuid den dtionscadal Create-a-link, agus is as an dturas sin a d’eascair a dúil sna hamharc-ealaíona. Oibríonn sí le hola, uisce daite, colláis agus líníocht, de mhéid agus formáidí éagsúla. Tugann tírdhreach Thír Chonaill spreagadh di, agus tugann an péinteáil deis di a mothúcháin a aistriú ón dtírdhreach chuig an gcanbhás. Tá a cuid oibre le sonrú i dtaispeántais ghlaonna oscailte i dTír Chonaill, i Sligeach, i Maigh Eo agus san Acadamh Ibeirneach Ríoga i mBaile Átha Cliath.

Read More
Ian Gordon
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Ian Gordon

Tá Ian ag cur faoi i nDún Lúiche, Co. Dhún na nGall le 40 bliain anuas. Rugadh i Londain é agus rinne sé staidéar sna mínealaíona ag Scoil Ealaíne Wimbledon agus an ailtireacht ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Is ealaíontóir ‘Plein Air’ é, agus baineann sé úsáid as olaí.. Díríonn a chuid oibre ar tírdhreach agus ar sráid-dreach an iarthuaiscirt. Léiríonn sé a shaothair i nDún na nGall, agus thar lear ó am go céile, na Stáit Aontaithe san áireamh.

Read More
Ian Joyce
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Ian Joyce

Oibríonn Ian le léiriú, ceol, gearrscánnáin agus tugann sé faoin bpriontáil, an phéinteáil, an dealbhóireacht agus leabhair ealaíona. Léiríodh a shaothair in Éirinn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Fhionlainn, an Íoslainn, Poblacht na Seice, an Bhoisnia, an tSeoirsia agus an Airméin. Ghlac sé páirt in ócáidí ealaíona comhaimseartha sa tSeapáin, an Téaváin agus an Chóire, agus b’iomaí saothar ealaíne poiblí coimisiúnaithe ar thug sé fúthu i dTuaisceart agus i bPoblacht na hÉireann. Faoi láthair, tá sé ina chónaí i nDún na nGall agus i mBeirlín.

Read More
Sandra Landers
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Sandra Landers

Is scríbhneoir agus ealaíontóir leabhair í Sandra, a bhfuil cónaí uirthi i nGaeltacht iarthar Chiarraí. Díríonn a hobair ar an eagarthóireacht, an t-innéacsú agus ar táirge leabhar. Tá taisteal forleathan déanta aici ar fud Mheiriceá Thuaidh, Ecuador, na hoileáin Galapagos agus an Eoraip. Tá an-suim go deo aici i leabhair agus chuile rud fúthu.

Read More
Clare Langan
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Clare Langan

Rinne Claire staidéar ar na mínealaíona sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. Bronnadh scoláireacht Fullbright uirthi agus chuir sí ceardlann scannánaíochta chun críche in Ollscoil Nua Eabhrac (NYU). Bhí sí ina hionadaí d’Éirinn ag an iliomad féilte Biennale; ina measc an 25ú Bienal de Sao Paulo, 2002 an Bhrasaíl; The Liverpool Biennial - International 2002, Tate Liverpool, Sasana; Singapore Biennial 2008, Dojima River Biennale 2009, Osaka, an tSeapáin; Busan Biennale 2010, An Chóiré Theas. Tá pictiúir agus scannáin dá cuid le feiceáil i mbailiúcháin náisiúnta idir phoiblí agus phríobháideach, cur i gcás Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Comhairle Ealaíon na hÉireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, bailiúchán príobháideach Tony Podesta, Washington, agus bailiúchán Hugo and Carla Brown, An Ríocht Aontaithe.

Read More
Sarah Lewtas
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Sarah Lewtas

Tá Sarah ag obair agus ag cur fúithi i nDún Lúiche, Co. Dhún na nGall, áit a bhfuil cónaí uirthi le 40 bliain anuas. Is as Sussex di ó dhúchas agus rinne sí staidéar ar na mínealaíona i gColáiste Ealaíne agus Deartha Eastbourne. Bhain sí BA sa phéintéireacht amach ó scoil ealaíne St. Martins, Londain. Díríonn sí ar an dealbhóireacht, an líníocht agus le déanaí ar an bpéinteáil luibheolaíoch. Beidh sí ag glacadh páirte i dtaispeántas do chomóradh céad bliain Cholm Cille i Leitir Ceanainn an samhradh seo.

Read More
Kevin Mcgee
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Kevin Mcgee

Is as Gort a' Choirce, Baile an Gheafta, í dTír Chonaill do Kevin. Tá cúlra talmhaíochta, gabha dubha agus geala, saor cloiche, péintéireacht agus maisiú tí, ceoltóir agus seanchaí aige. Tá sé ag cleachtadh mar phéintéir, dealbhóir agus ealaíontóir d’ábhar measctha le 30 bliain anuas. Rinne sé staidéar ar an ealaíon i nGaillimh, agus d’fhill sé abhaile go Dún na nGall sna nóchaidí. Ó shin tá a shaol roinnte idir teaghlach, ealaíon, taispeántais ealaíne, feirmeoireacht, garraíodóireacht, agus spraoi sa tsaoil.

Read More
Cathal McGinley
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Cathal McGinley

Is ‘as’ Inis Bó Finne Cathal MacFhionnghaile; rugadh ar an oileán é ach tógadh é i Machaire Rabhartaigh ar tír mór ag amharc síos ar bhaile a theaglaigh. Fuair sé a chéim i Sligeach agus níos déanaí, bhain séMAFA amach in Ollscoil Uladh. Comhcheanglíonn a chleachtas oidhreacht, béaloideas, agus dinnseanchas, chomh leis an ngrá atá aige dá theanga agus do phobal an oileáin. Tá saothar Chathail i gcomhréir le ‘dúchas’ – tá a shaothar ó nádúr agus ó oidhreacht agus ag an am céanna tá sé go hiomlán comhaimseartha; ársa agus nua-aimseartha san am céanna.

Read More
Deirdre McKenna
col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-2 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Deirdre McKenna

D’fhreastail Deirdre ar an gColáiste Ealaíona agus Dearadh, Crawford i gCorcaigh. Rinne sí staidéar ar an mínealaíon péintéireachta agus tá sí ag cleachtadh mar ealaíontóir gairmiúil ó shin. In 2011, thosaigh sí ag foghlaim teicnící priontála faoi mháistreacht an ealaíontóra aitheanta Niall Naessens. Is ball do Cork Printmakers í le roinnt blianta anuas. Bíonn sí ag obair i gCorca Dhuibhne agus i gcathair Chorcaí.

Roghnaíodh a saothar ealaíona do thaispeántais phriontála ar fud an domhain, ina measc; Center for Printmaking Connecticut, Impact 10 Encuentre i Santander '18, The Manly Art Gallery and Museum, NSW san Astráil, The New State ag Graphic Studio Gallery. Ghlac sí páirt i dtréimhsí cónaithei gCill Rialaig, Baile na Sceilge, ag Cló Ceardlann na gCnoc i nDún na nGall agus ag MOMA Machynlleth sa Bhreatain Bheag.

Read More