Beathaisnéis Ealaíontóra

Brian Bourke
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Brian Bourke

Rugadh Brian i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sé ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Baile Átha Cliath agus scoil ealaíne St. Martins, Londain. Bhí sé ina ionadaí d’Éirinn ag an Páras Biennale in 1965, bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas Irish Exhibition of Living Art in 1967, agus bronnadh gradam O’Malley air ón Institiúid Chultúrtha Gael-Mheiriceánach. Tá cáil bainte amach ag Bourke mar gheall ar na portráidí sainiúla agus féinphortráidí a chruthaíonn sé. Tá dathanna láidre agus scigléiriú mar thréithe láidre ina chuid oibre.

Read More
Aoife Casby
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Aoife Casby

Tá Aoife ag obair agus ag cur fúithi ar an gCeathrú Rua, Conamara mar físealaíontóir, scríbhneoir ficsin agus ag obair ar saothair nuálacha. Díríonn a cuid oibre ar ceisteanna an tsaoil; iontaoibh, fírinne, guth, easpa gutha, na mothúcháin a ghabhann leo agus an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm orainn agus sinn lonnaithe in áit áirithe. Tá suim faoi leith aici i gcarachtair, in idirnaisc aisteacha, an t-aisteachas agus an leochaileacht a bhaineann lenar saol inmheánach, chomh maith le forbairt agus meath caidreamh. Tá sí ag baint taitneamh as an bpróiseas agus an gníomhú dátheangach lenar dtimpeallacht agus lenar n-oidhreacht chultúrtha.

Read More
Clare Cashman
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Clare Cashman

Is as Corcaigh í Clare Cashman ó dhúchas. Rinne sí staidéar ar an mínealaín péintéireachta i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. Is iomaí gradam atá buaite aici ó bhain sí an chéim amach in 2002, an CAP Foundation Art Award agus an Tony O’Malley Travel Award for Painters ina measc, mar aon le sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta. Tá samplaí dá cuid oibre le feiceáil sna taispeántais seo a leanas: 'Folkatronica' ag an Sugar Club, Baile Átha Cliath, 'Thirty-Two Thousand Years Later’ ag Pallas Projects, Baile Átha Cliath agus ‘C2’ at the Crawford Municipal Art Gallery, Corcaigh. Faoi láthair, tá Cashman ina cónaí i gCasla, Conamara, Co. na Gaillimhe.

Read More
Lelia Ní Chathmhaoil
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Lelia Ní Chathmhaoil

Déanann saothar Lelia ionadaíocht ar a háit chónaithe, ceantar Chois Fharraige i ndeisceart Chonamara. Tá a cuid ealaíne fréamhaithe sa dúchas, ag díriú go príomha ar an gceantar, an baile agus na héiceachórais, mar aon leis na dúshláin a bhaineann leis an slí ina mbreathnaímid ar ábhair. Tugann Leila faoina hoibre san am i láthair ag baint úsaide as ábhar áitiúil. Is breá léi an spontáineacht agus na deiseanna a chuireann na hábhair seo ar fáil di.

Read More
Áine Ní Chíobháin
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Áine Ní Chíobháin

Rugadh Áine i gcathair Chorcaí, ach is de bhunadh Chorca Dhuibhne a sinsear. Tá sí ag obair agus ag cur fúithi mar ealaíontóir sa Daingean ó 2007. Tá céim onóracha aici ó Choláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Corcaigh. Tá a saothar ealaíne á léiriú i mbailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí, ina measc; HETAC, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, agus Comhairle Contae Chiarraí. Is iomaí sparánacht agus gradam atá buaite aici ó Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Contae Chiarraí agus Ionad Scannáin Chorcaí.

Read More
Róisín Ní Chionnfhaolaidh
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Róisín Ní Chionnfhaolaidh

Rugadh agus tógadh Róisín i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge. Bhain sí cáilíocht amach mar dhearthóir gloine ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, Baile Átha Cliath i 1988. Le linn an ama sinn, d'fhorbair sí modhanna nua frithchaitheamh solais sa chónasc idir gloine agus uisce sa dealbhóireacht. Tá tréimshí caite aici ag obair sa Danmhairg agus sa Ghearmáin, chomh maith le taisteal forleathan san Áis agus san India ag déanamh staidéir ar na healaíona dúchasacha. Tá tionchar na dturas seo le sonrú ina cuid saothair. I láthair na huaire tá Róisín ag obair ina stúideó i mBaile 'n Sceilg agus is é an tírdreach mórthimpeall uirthi, mar aon le cúrsaí mara is mó a théann i bhfeidhm uirthi ina cuid oibre. Cruthaíonn sí éifeachtaí comhdhéanta agus doimhneacha ag baint úsáid as teicníci ar nós srathú, eitseáil aigéadach agus adhdhlúthú. Tá pátrún iontaisithe le feiceáil ina cuid oibre mar thoradh ar na teicnící sin.

Read More
Helen Ní Chuill
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Helen Ní Chuill

Rugadh Helen i gcontae Chorcaí agus tá formhór dá saoil caite aici i nGaeltacht Mhúscraí. Is ealaíontóir ceirmeach í don chuid is mó, ach tugann sí na meáin mheasctha isteach ina cuid oibre chomh maith. Is é an domhan nádúrtha is mó a thugann spreagadh di.

Read More
Seán Cathal Ó Coileáin
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Seán Cathal Ó Coileáin

Tá an t-ealaíontóir Seán Cathal ina phéintéir meitifisiciúil i bhfad níos mó ná péintéir insinte, sa chaoi is go láimhseálann sé na chéad phrionsabail de rudaí, ina measc an coincheap, nó na coincheapa teibí de bheith beo, feasacht, am, spás, agus – go ríthabhachtach dó-san – féiniúlacht. Cé go bhfuil a chuid tagairtí pictiúrtha an-phearsanta, tá siad Eorpach chomh maith sa bhrí is go bhfuil sé in ann creatlaí samhlaíocha a chur le chéile laistigh de phrionsabail Arastaileacha de bheith agus den fheasacht.

https://www.meoneile.ie/cultur-agus-ealain/taispeantas-speisialta-le-sean-cathal-o-coileain-le-feiceail-sa-ghailearai-in-aislann-ghaoth-dobhair

Read More
Ceara Conway
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Ceara Conway

Is amhránaí agus amharc-ealaíontóir Éireannach comhaimseartha í Ceara Conway. Cruthaíonn sí saothair eispéireasacha nuálacha ag baint úsáide as amhrán, ceoil, agus amharc-ealaíon traidisiúnta agus comhaimseartha. Díríonn a cuid oibre ar ceisteanna sóisialta, cur i gcás an ghéarchéim éiceolaíochta, imirce agus ábhar feimineachais. Seo a leanas tionscadail dá cuid atá le teacht: The Feminist Supermarket, Teach Ormston, Ionad Acmhainní Cultúrtha, Luimneach (2021), Illuminations Gallery, Ollscoil Mhá Nuad (2021), Pocahontas Opera House Residency, West Virginia, Stáit Aontaithe Mheiriceá (2022).

Tuilleadh eolais ag: www.cearaconway.ie

Read More
Bernadette Cotter
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Bernadette Cotter

Rugadh Bernadette Ní Choitir i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí sa bhliain 1958, áit a bhfuil cónaí uirthi faoi láthair. Tá BA aici ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath, agus bronnadh scoláireacht Fulbright uirthi i 1986. Chaith sí 11 bliain i Meiriceá agus bhain sí ard chéim amach ón San Francisco Art Institute i 1989. Tá taispeántais aici in Éirinn, san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, sa tSín, agus sa Chóiré. D’oibrigh sí i gcomhar leis an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill ar a saothar ‘Dinnseanchas’, chomh maith leis na healaíontóirí iomráiteacha Iarla Ó Lionáird agus Feargus Ó Chonnchúir ar a saothar ‘Idir’.

Read More
Tomás O’Cíobháin
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Tomás O’Cíobháin

Rugadh Tomás in An Ghráig, Baile’n Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Bhí suim aige sna healaíona ó bhí sé óg, agus rinne sé cúrsa oíche san eitseáil agus sa ghreanadóireacht. Is iomaí gradam atá buaite aige agus tá clú agus cáil bainte amach aige mar cheann de na déantóirí priontaí is fearr in Éirinn. Ghlac sé páirt i dtaispeántais ghrúpa san Acadamh Ibeirneach Ríoga, Gailearaí Crawford agus Taispeántas Náisiúnta an Oireachtais. Tá formhór a shaoil ghairimiúil caite aige ag teagasc deartha troscáin, adhmaid agus ceird an mhiotail. Tá taispeántas dá shaothar le feiceáil i ngailearaí Crawford, Corcaigh i láthair na huaire.

Read More
Andrew Duggan
col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co col-1 Brendan | ThumbCatchDesign.Co

Andrew Duggan

Is físealaíontóir, léiritheoir agus oide é Andrew. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é agus tá sé ag cur faoi ar leithinis an Daingean in iarthar Chiarraí ó 2000. Is é imeallachas na háite is mó a théann i bhfeidhm air. Baineann sé leas an as timpeallacht mar áit frithsheasmhach le diminicí nua a chruthú idir an duine féin, an timpeallacht agus an ionadaíocht. Is ionad turgnamhach é stiúidéo Andrew. Baineann sé úsáid as ábhair, prionsabail gheoiméadacha agus íomhánna ar mhaithe leis na smaointe iarstruchtúrtha a bhaineann le fearúlacht, an tírdhreach agus an dúil a athfhrámú. Is iomaí gradam atá buaite aige, ina measc; An Chomhairle Ealaíon Creative Development Award 2020-21, Scéim Sparánachta na n-Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta 2020-21, Gradam Chultúr Éireann 2021, Gradam Chomhairle Ealaíon na hÉireann cumas déileáil le COVID 19.

Read More